Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0054

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Go mbreacaidh mo dhá mhalaidh, ’s go leaithidh mo cheann
    Comh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhloinn,
    Go dtéigidh mo bhean i dtalamh 'gus na dhiaidh sin a
    clann,
    Go mbéidh cuimhne agam ar ainnear dheas na gciabh
    fholt donn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seo abhrán a chualaidh sì ag na h-athair, acht ní rabh sé aici uilig. Bhí dearmad deanta aicí ar chuid de. Fuair mé na trí ceathramh deireannach ag Sorcha, Bean Ua Grianna, agus fuair sise ag na mathair iad,
    Chomh luath agus thug mé i gcionn Nellie, Bean Nic gGairbhe
    iad, cheól si go deireadh iad.
    I.
    Ghéall tú domhsa agus rinne tú bréag,
    Go gcuirfea loingis óir fa na chrannaibh airgid
    Dhá bhaile dhéag de bhailte margaidh
    Agus cúirt gheal ghléal ar 'ach taobh do’n fhairrge.
    II.
    Deir siad liom-sa go bhfuil mé tarrantach,
    'S go bhfuil mo sweetheart i gcúl a’ bhaile agam
    Nach aoirde crann seoil a bheadh i lár na fairrge
    Nó croidhe mnáibh óige a mbéadh dhá sweetheart aici.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    Lúnasa 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir