Seo abhrán a chualaidh sì ag na h-athair, acht ní rabh sé aici uilig. Bhí dearmad deanta aicí ar chuid de. Fuair mé na trí ceathramh deireannach ag Sorcha, Bean Ua Grianna, agus fuair sise ag na mathair iad,
Chomh luath agus thug mé i gcionn Nellie, Bean Nic gGairbhe
iad, cheól si go deireadh iad.
I.
Ghéall tú domhsa agus rinne tú bréag,
Go gcuirfea loingis óir fa na chrannaibh airgid
Dhá bhaile dhéag de bhailte margaidh
Agus cúirt gheal ghléal ar 'ach taobh do’n fhairrge.
II.
Deir siad liom-sa go bhfuil mé tarrantach,
'S go bhfuil mo sweetheart i gcúl a’ bhaile agam
Nach aoirde crann seoil a bheadh i lár na fairrge
Nó croidhe mnáibh óige a mbéadh dhá sweetheart aici.