Thíos i dTeach a’ Torraidh.
Seo amhran eile a fuair sí ó Phadaí Mac Phaidín as Rann-na-Feirsde.
I.
Thíos i dteach a’ Torraidh, fuair mé eolas ar mo chailín donn
Bhí a gruaidhe mar na rósaí ’s bhí a béilín mar a’ siuchra donn
Bhí mil ar bhárr gach geág ann ’s á géarbhach fa bhun na gcrann
Bhí iasg na Finne léimrigh le pléisiúr mar bhí sí liom.
II.
Bhí mé lá bréagh samhraidh i nghleanntain sléibhe ’s mé
seóladh bó
Thárla domh a’ spéir-bhean, a's í gleásta anus an éideadh chóir
Bhí hata ós cionn a clóca uirthi a’s buclaí ann a bróga thíos
'S mo chúig céad slán go deo leis an óig-mhnaoi
a bhí i mBaile Uí Bhaoighill.
III.
An chead lá fuair mé eolas ar an óig-mhnaoi bhí i mBaile Uí Bhaoighill