Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níór chuir tú ann d’fhaoiside trian do pheacaidh,
Agus tú go tapaidh triall ’un siubhail,
Ma rinne tú caraid ariamh de Mhuire,.
Tiocfaidh sí chugat ar uair do bháis,
Gabhaidhfidh si go cruaidh do leith-sgéal.
Agus geobhaidh sí toradh ó Righ na nGrást'
Imtheochaidh ’n t-anam a’ sgreadhaigh' s a' sgreachaigh
Agus é 'lig go léír chomh dubh leis a’ ghual,
Tusa ’n cholainn impleach mhalluighthe
'Sé mo léan géar ma rugadh tú riamh
D’fhág tú mé go siorraidhe i n-Ifrionn
Cionnas nar chongbhuigh tú creideamh no réim,,
"Bréagach thú" arsa’n cholainn,
Ni dhearn mé ’n t-olc ó sgar tú liom,
D’fhág tú mé gan luth gan lathair.
Mo luighe ’san uaigh ’smo chnámha lom. (gan teideal)
“Mo cháirde gaoil gur thréig mé...”
Seo abhran a fuair sí ó na mathair mhór Gráinne Ní Grianna, a rugadh agus a tógadh i Rann na-Feirsde, agus a fuair bás tá 52 bl. ó shoin, agus a bhí i dheas do’n 100 bl. an
uair sin : -.Mo cháirde gaoil gur thréig mé(leanann ar an chéad leathanach eile)