Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá turas thall anseo i gCál-Chéim...”
Ta turas thall annseo i gCál-Chéim, agus tá ’n
turas baistighthe as ainm Naomh Dubhach a bhí ’sa'
tír seo fad ó shoin, Ghúithear a’ turas lá fhéil' Muire i gcomhnaidhe, sin a’ cúigeadh lá déag de mhí na féil' Muire, acht ar na bliadhanta
deireannacha is mór a stad daoine a dhéanamh ’n túrais seo, ce bith is ciall dó. 'Sé mo mheas fhéin go gcruinnigheadh taos óg annsin chuig an
turas, agus nach ar mhaithe leis a’ turas a bhí siad a’ teacht annsin ar chor ar bith, acht sa
choinne a ghabhail a dh'aor (a mhagadh) ar shean
daoine bochta a bhéadh gabhail thart go deithrachtach
a’ déanamh ’n turais, agus gur sin a’ tuige ar(leanann ar an chéad leathanach eile)