Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)23
nuair a chuaidh sé a luighe, thoisigh sé a
smaoitiughadh ar an bhomhal. Tháinig sise
aníos agus d’fhág sí an bomhal ins an
áit cheadna a rabh sé thoisigh seisean
a smaoitiughadh ar an bhomhal dar leis
féin ar maidín nuair a d’éirigh sé,
"níl aon duine ag amharc orm agus
amharcochaidh mé goide atá faoi bhéal
an bhomhail." Thóg sé an bomhal.
goide a bhí faoi bhéal an bhomhail ach
lochóg beag. D’imthigh an lochóg. Tháinig
sé anuas. Nuair a chuaidh sise suas
a chóiriughadh na leabtha, thóg sí an
bomhal is bhí an lochóg ar shiubhal.
tháinig sí anuas, d’innis sí do’n fhear
mhór gur leig sé ar shiubhal an lochóg.
Nuair a rinne sé a bhricfeasta tháinig
an fear mór isteach.
"Anois" ar seisean; "na deán níos
mo mhallachtaigh ar Éabha is ar Adhama",
ar seisean. "Tú féin a chuir do
bheatha dhith ort féin anois," ar seisean.
Chuir sé ar shiubhal é b’éiginn do
imtheacht, agus oibriughadh níos mó ar shon
a chudach.