Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0225](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0225.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0225
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur dubhairt sí: (Bhí gaol aicí do)
"Sréadh ort a shean sgallanaigh bhradaigh, da ba agam-sa a thíocfadh sí damnú go
rósfainn ar chúl na teineadh í".
"Ó Ghráinne," ar seisean, "bíodh ciall agat. Nuair a leig sí mise ’na’ bhaile beo ag na páistí; ó ní dhéarfaidh mé a choidhche gur olc a rinne sí é".
Nuair a bhéadh na páistí beaga
a "playail" fríd an teach, sgairfeadh sé ar an ghiorsach bheag seo a bhí ann go
deireannach.
"Gaibhtse leanb aníos ag do dheidí, gaibhtse leanbh"..
Chuireadh sé ar a dhruim í, bhéireadh sé fríd na pairceannaí í, thart achan áit ar eagla go shílfeadh Chaitrióna go rabh fíomh(1)ar bith aige leis an leanbh; Sin an ceann a ba measa leis a bhí ar an teaghlach uilig go lear. Ach déarfadh siad i gcomhnidhe gur leis féin í; ach níl fhios agam.
D’fhás an tachrán aníos go rabh(1) Deifear.(leanann ar an chéad leathanach eile)