Imleabhar: CBÉ 0370

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0262

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    262
    ach sháirigh sé ortha gréim faghail air. Chuir
    siad an tuthóir air. D’imthigh sé isteach go
    teach an fir uasail. Bhí cailín dá chuid
    an fir uasail 'na shuidhe agus dá fháinne
    ar a mhéar agus í leigeadh paipéair
    ag taoibh na teineadh. rinne sheárleis
    fainne dó féin agus thug sé léim suas
    air
    a mhéar; chuaidh sé suas igcúl an
    dá fáinne éile. Tháinig gruagach na
    gcleasann, chuaidh sé a bhainte díthe na
    Thug shearleis óg leim isteach
    bhfáinní.
    sa teinidh agus rinne sé gráinín beag
    luath do féin. Tháinig an fear éile
    agus bhuilg leis; séidh sé an luaith uilig
    amach ar an t-seimleóir; go dtí an
    grainín deireannach agus bhí sé a’ gabhail
    a bhreith air bhí fios aige gur shearleis
    a bhí ann. rinne searleis colnán do
    féin agus d’imthigh sé amach an simleóir."
    D’imthigh gruagach na gcleasainn agus rinne
    sé dhá colman deag do'n dá gasúr déag
    agus chuir indiaidh searluis iad. Tháinig
    siad go dtí áit a rabh buachaillí a’
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    17 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir