Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ingrádh lé cailín a bhí thoir ar an Chorr-Mhín; nighean do Shéamuis Mheadhbha a bhí uirthí. Bhí Séamus Mheadhbha go h-iongantach láidir, a’ cur amach mine agus plúir ar
iasacht ó bhliadain go bliadhain; ní rabh fhios aige leath a chuid saidhbhris. D’imthigh Éoin Bán agus phós sé féin agus an
cailín. Ní rabh sasamh ar bith ar Shéamas Mheadba; ní rabh sé sásta ar chor ar bith. Nuair a rachadh Éoin Bán ann
agus bhruithfidh pota preataí, shuidhfeadh an seanduine agus d’iosfadh sé aon phreatá
amháin. "Ghlór is moladh is buidheachas do Dhia". D’éireochadh sé agus chaithfeadh sé é féin 'sa leabaidh. Bhí leisg ar
Éoin Bhán bhocht níos mó ithe d'éireochadh sé agus shuidhfeadh sé i chois na teineadh. Bhí sé ag fághail bháis o'n ocras na corr oidhche bhéadh sé ann.
Bhí buachaill greanmhar ar an bhaile, a dtugadh siad Séarlus Óg 'ach Aodh air. Casadh ar Éoin Bhán aon lá amháin é.
"H-óigh Éoin Bháin."(leanann ar an chéad leathanach eile)