Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)"Goide?" arsa Éoin Bán.
"Tá ach uile duine dé na comharsanaigh ag cur iongantais ionnat. Nuair a thiocfas tú aníos toigh Shéamuis Mheadhbha oidhche
Shathairn, tá tú ábalta léim an bhacta sin thíos a thabhairt. Agus ar maidín Dia
Lúinn ag imtheacht duit chaithfidh tú a ghabhail thart timcheall an bachta agus ní
thig leat an léim a ghearradh".
"Bhail tá sin fior," arsa Éoin Bán
"agus innseochaidh mise duit-se cad tuighe.
Tá mé sé lá na seachtmhaine ag mo mhathair, tá biadh agus deoch agam. Oidhche Shathairn tiocfaidh mé aníos toigh Shéamais Mhéadhbha ;
Nuair a bhéas an biadh bruithte, chá n-itheann Séamus Mheadhbha dá ghréim, go n-abróidh sé, "Glóir is moladh is buidheachas do Dhia", agus éireochaidh sé. Tá náire orm-sa
suidhe ’na dhiaidh agus éireochaidh mé. Tá mise go lag leis an ocras ar maidín Dia Lúinn agus nach bhfuil ann ach go
bhfuil mé ábalta siubhal chan é amháin léim an bhachta thabhairt".(continues on next page)