(ar lean ón leathanach roimhe)
"Ní thúbharfai’ mé," ar sisean, "ná cuid do mharcuíocht" ar sisean.
"Ó túbhair dom marcuíocht," ar sis.
"Ní bhfaghair," ar sisean, "ao’ mharcuíocht," ar sisean, "ní
thugaim-se aon mharcuíocht d’éinne," ar sisean, "ná mo
leithéid eile," ar sisean
Ní dhin a ’lady' ao’ rud ach éirí as a corp agus suí ar a cúlóig ar a’ dtaobh thiar do, an 'lady' is breághtha chonnaic éinne riamh. Seadh ní raibh leigheas aige air. Thug sé an mharcuíocht
di agus tháini’ sé agus do léig sé an t-Aifreann agus nuair a chuai' sé bhaile, d’imi’ sí bhuaig a’ déunamh ar a’ Sáipéal, nuair a tháini’ sé 'bhaile do dtí ’n sagart próiste do nis sé do’n sagart próiste an sórt cailín a
bhuail leis ar a’ mbóthar.
"A leithéid seo dh’áit," ar sisean, "agus do dhiúltuíos trí h-uaire í," ar sisean, "agus d’éiri’ sí as a corp", ar sisean, "agus chuai’ sí ’n-a suí ar thúin a chapaill ar dtaobh thiar díom," ar sisean.
"Ó my!" arsan sagart próiste ar sisean, "téire dtí an easbog", ar sisean, " 'nis do chúrsa dho’n
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.