Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Sagart a thuit i ngrádh le Bean.
Thuit sagart i ngrádh le bean, dinnis sé den easpog gur éirigh sin dhó, Bhuel sé an breitheamhnas aithrighe chuir an easpog air, nach raibh aon phárdún le fághail aige, nó go bfuigheadh sé luach leath chronach den na biorain is mó a dféadfhadh sé fhághail.
Dona go leór ars an sagart déanfaidh mé mo dhíthcheall agus dimthigh leis. Sul ar imthighe sé thug an easpog na biorain dhó agus dubhairt sé leis chuile cheann aca do chaitheadh amach sa loch, agus dubhairt sé leis annsin iad do phiocadh suas arís go mbeadh an ceann deirigh aige.
Dimthigh an sagart i amhach i mbád agus é go brónach cráidhte. Chaith sé na biorain amhac sa loch ó ceann go ceann go raibh a dheireadh cáitte amac aige. Casadh isteach ar óileán é a raibh mna riaghalta ann. Dfiarr sé loistín agus fuair sé é agus dinnis sé achás dhóibh.
Buel dubhairt siadsan leis go raibh sagart beannuighthe le theacht lár na bhárach le léigheamh Aifreann dóibh, agus a chás a innseacht dhó.
Nuair a tháinic an sagart beannuighthe lár na bhárach, dinnis sé a chás(continues on next page)