Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Ce dubhairt leat mé mharbhughadh ars an rígh, dinnis an dochtúir dhó. Chuireadh fios ar an toifigeach agus nuair sé ós comhair an rígh beigin do dul ar a ghlunai agus a sgeál a innseacht. Nuair a chuala an righ an sgeál rug sé ar an sgian nimhneac agus shaith an toifigeach. Anois ars an rígh le na chuid arm bhí sibh ag gairidhe faoi an comhairle thug an seanfhear dúinn acht breathnuigh anois marach an comhairle sin béinn básuighthe. Cuireadh teachtairí amac ar thóir an sean fhear. Tháinic na teachtairí i gceann cupla lá agus bhí an sean fhear leo.
Tugadh an sean fhear go dtí an righ agus bhí céad míle fáilte róimhe. Thug an righ culaith bhreágh eadaigh dhó agus nuair a bhí sé nighte glan bhreathnuigh se chomh hóg leis an rig.
Bhí an oiread sin cionn ag an rígh air gur thug sé a rioghacht féin dhó, agus a inghean le pósadh. Pósadh inghean an rígh leis an sean fhear agus mhair siad suimhneac sáthach ina dhiaidh sin agus bronn Dia ortha triúr mac agus triúr inghean.