Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mas cam na direach an róid sé an tslighe mór an t aith giorr.
Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh aice ac mac amáin. Bhí an mac seo bliadhain is fic agus cheap sé nídh nach ionghnadh go raibh sé in am aige pósadh. Rinne sé teach nuad dhó fhéin agus dá máthair agus nuair a bhí gach nídh déanta aige phós sé bean dóigheamhail. Bhí a mháthair ina bean an óg gan domhan, agus sí a théigheadh chuig an siopa i gcomnuidhe.
Táinic lá an garbh agus chaith sí dul chuig an siopa, agus ní raibh fhios aice ceard a dhéanfadh sí
Bhí aith giorra mhór go dtí an siopa agus ní thoigfheadh sé tar ceathram uaire dul ann ach bhí sruthán sa mbealac seo agus bhí sí i bponc. Ar aon chuma thoig sí an t aith giorra agus nuair a bhí sí ag fillead ón siopa thuit sí sa sruthán agus báthadh í. Nuair a cheap an an mac go mbeadh a mháthair sa mbaile nó beagnach sa mbaile dimthigh sé dá mítáil agus thart an bhóthair a chuaidh sé. Nuair nár casadh do í sa mbealac seo, tóig sé an t aith giorra ag fillead, agus fuair sé a máthair baidhte sa sruthán I gceann bliana dubhairt an mac leis féin, blian sa la amaireac bathadh mó máthair do bheadh sí tart timceall o shoin.