Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0209](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0209.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0209
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)táilliúr. Nuair chuaidh sí isteach diarr sí lóistín ann agus mo léan fuair sí sin agus míle fáilte.
Nuair shroic mac an ríogh teach a athair thug sé an claidheamh soluis don leas mháthair agus thainic seacht gcloigne uirthi nuair chonnaic sí ag teacht é mar shíl sí nach bhfeicfadh sí arís go deo é an lá dfág sé an baile. Chuir a athair na céadta míle fáilte roimhe agus shíl sé é a phógadh acht níor leig seisean dhó. Maith go leór chuaidh an tam thart annsin acht bhí mac an ríogh ina shuidhe le hais na teine aon lá amháin nuair léim coileán óg a bhí ins an teallach suas air agus líghe sé a éadan gan fhios dó. "An nóiméit sin amach rinne sé dearmad ar a chéad grád agus níor smaoinigh uirthi níos mó.
Is maith bhí a fhios ag inghean an ríogh go raibh seo thárlaidh acht níor labhair sí. Bhí triúr inghean ag an táilliúr seo a raibh sí ina cómhnuidhe aige. Ar dheireadh thiar tháll rinneadh claimhneas mhac an ríogh le bean eile. "Anois bhí inghean ag an táilliúr agus sé an t-ainm a glaoidhtí uirthi an inghean mheirigeach agus ní raibh aon mheas ag an mbeirt eile uirthi. An oidhche a rinneadh claimhneas mhac an ríogh chuaidh an cailín seo agus an inghean mheirighea[ch] amach faoi dhéin buicéad uisce. Nuair a chuaidh siad chomh fada leis an tobar chonnaic sí scáile inghean an ríogh ins an uisce agus cheap an bhean bhocht gurab í féin a(leanann ar an chéad leathanach eile)