Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0210](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0210.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0210
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí ann agus rith sí abhaile chuig a h-athair le neart áithis agus dinnis sí an sgéal dhó. "Muise mí rath ort a chailleach mheirigeach", ar seisean ná bíodh aoinne ag magadh fúth.
Annsin bhí cuireadh fághailte ag clann an táilliúir chuig an chlaimhneas agus chuaidh siad ann iad féin agus an cailín seo. Ní raibh a fhios ag duine ar bith cé hí an cailín breágh dóghamhail a bhí leo agus bhí gach duine ag déanamh iongnadh di. Maith go leór annsin bhí spórt agus siamhsa ag gach duine acu agus chuile dhuine ag déanamh a chleas féin ar feadh na h’oidhche. Faoi dheireadh sise suas agus ghlac sí párdún ag an méid a bhí i láthair agus dúbhairt sí go raibh cleas le déanamh aici féin agus cleas a chuirfeadh iongnadh ortha go léir.
Anonn lei go dtí bord beag a bhí ann agus sheas sí le na taobh. Chuir sí a lámh ina póca agus thóig sí aníos gráine beag eórnan agus chaith sí ar an mbord é. Ní túisce a bhí an gráine caithte ar an mbord ná ní raibh sé ina ghráine eórnan níos mó séard a bhí ann cearc. Thosuigh gach duine acu ag rachtail gháire faoi'n gcearcín sin. Tamall beag in dhiaidh chuir sí síos a lámh arís agus thóig sí aníos gráine don tsaigheas céadhna agus rinne sí coileacín. "Anois ba sheo iad an coileachín óir agus cearcín airigid.
I gcionn tamaillín bheag eile chuir sí a lámh ina póca arís agus thóig sí aníos gráinín beag eile. Chaith sí an gráinín ar an mbord ag an gcearcín airigid acht rith an(leanann ar an chéad leathanach eile)