Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0211](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0211.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0211
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coileachín óir chuice agus dith sé féin é. "Muise thurra dhuit a coileachín ghrándha", ar sise an bhfuil cuimhne agat ar an lá a bhí tú ag cartadh an tobair ná go bhfuigheá an tsnáithid mhór a bhí thíos ann le ceithre chéad bliadhain. Nuair fuair an cearcín duit í ní dhéanfá sin uirthi. Leis sin ní raibh a fhios ag duine ar bith cén mhíniú a bhí leis an sgéal.
Chuir sí síos a lámh an dara h-uair agus thóig sí aníos gráine eile agus chaith sí ar an mbord é. Ní túisce a bhí sin déanta ná bhí sé sgiobhtha leis an gcoileachín ón gcearc. Muise thurra dhuit a coileachín ghrándha ar cuimneach leat an lá a bhí tú ag cartadh an turrling mór cloch nuair a chuidigh an chearcín leat", ar sise ní dhéanfá sin uirthi. Leis an méid sin níor thug duine ar bith tada faoi deara. Rinne sí an cleas céadhna an tríohmadh uair acht an dá luathas agus a dúbhairt sí an focal thig mac an ríogh é féin agus dúbhairt, "Ó is fíor sin", ar seisean leis an méid a bhí i láthair. Seo í mo bhean an bhean a thug slán mé as gach gábh agus gach géibhinn agus béidh sí agam. Bhris sé tríd an gclaimhneas a bhí déanta leis an gcailín eile agus phós sé féin agus inghean ríogh an domhain thoir. críoch.