Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 3)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an méid sin déanta aici leag sí i lár an tíghe í agus chuir sí an
clár uirthi. Annsin chuir sí síos pota eile uisce ar an teine
ag téigheadh le na h-aghaidh freisin mar bhí boladh fuar uirthe mar gheall nach ndéarna sí aon mhaistriú innti le fada
an lá roimhe sin.
An fhad agus a bhí bean an tíghe ag obair mar seo bhí an tailliúr ag faire uirthe go géar. Chuaidh bean an tíghe amach annsin le gnoithe eicínt amach ina ghárráidhe an fhad agus a bhí sí ag fanacht leis an uisce
téigheadh. Nuair a fuair an tailliúr imithighthe amach í
dimir sé beart spórtamhail uirthe go deimhin mar ní raibh
léigheamh na leabhra air féin chomh diabhalta sportamhail agus a bhí sé. Bhí cat ins an teallach agus ní dhearna an táilliúr acht breith air agus é chur síos ins an gcúnneóg agus an clár a chur air arís.
Lean an tailliúr le na chuid oibre féin mar an gcéadhna agus níor leig sé air féin tada. I gcionn tamaill thainic bean an tíghe í féin isteach agus thóig sí an pota uisce den teine. Níor bhach sí leis an gclár a thógáil don chuinneóg mar is gnáthach le mná tíghe a dhéanamh acht an tuisce fiuchta a dhóirthiú síos innti. Nuair a rinne sí an méid sin dfág sí annsin í go ceann tamaillín beag eile. Maith go leór annsin nuair bhain sí an chlár don chunneóg fuair sí
an cat marbh bruithte dóighthe ag an uisce shíos innti.(leanann ar an chéad leathanach eile)