Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)

Dáta
1935–1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0295

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Labhraidh Lorc
    Bhí rí ann fadó agus bhí cluasa capaill air. Cheil sé na cluasa sin ar feadh i bhfad, ach dfhás a chuid gruaige an-fhada agus bhí air fios a chur ar bhearbóir. Nuair tháinig an bearbóir, dubhairt an Rí leis: 'Má innsigheann tú go bhfuil cluasa capaill orm-sa do dhuine ar bith, marbhóchaidh mé thú. Bhí go maith. Bhí eagla ar an mbearbóir an rún 'innseacht do dhuine ar bith. Ghoill an rún air. Chaill sé a shláinte mar gheall air sin. Tar éis tamaill chuir sé fios ar an dochtúir. "Tá rún eicint agat. Tá faitchíos ort é 'innseacht do dhuine ar bith. Eirigh agus imthigh go dtí an choill agus innis a' rún do chrann eicint. Tiocfhaidh feabhas ort annsin. Rinne an bearbóir sin. Chuaidh an bearbóir go dtí an choill agus d'innis sé an rún dho chrann sailighe. Tháinig feabhas air agus dfhill sé abhaile slán.
    Bhí fear eile san áit. Ceoltóir ab eadh é. Bhris sé a chruit agus bhí air ádhmad fhághail le cruit eile a dhéanamh. Chuaidh an ceoltóir go dtí an choill. Bhain sé píosa dhen chrann a raibh an rún ann. Rinne sé cruit dhen phíosa ádhmaid. Ghléas sé an cruit agus thosuigh sé a' seinm. Seo é an ceol tháinig as an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach