Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0318

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Á bhfeictheá mo Neili ar maidin Dia Domhna'
    A' siubhlóid na móinte agus drúcht ar a bróga,
    Ba gile 's ba finne í 's ní bhéadh tnúth a'd le n-a h-óige,
    Mar thóig sí 'n bárr múinte ó Chúig Cúige Chrí' Fódla.
    Á bhfeictheá mo Neili ar maidin chiúin cheóbánaigh
    Agus marbhú míle ógánaigh de lasa' 'n-a h-éadan,
    An ceo meala lá seaca faoi choillte dubha daraighe,
    Ní grádh gan cheilt a bhí agam do bhán-chich na ngeal-chí'.
    Nach aoibhinn dhon chábán a gcodluigheann mo ghrádh ann,
    'S aoibhinn dhon tulán a leagann sí a bróg air;
    Nach aoibhinn dhon óigfhear a gheobhfas í le pósa',
    'S í réalt eolais na maidne í 's crann soillse 'n tráthnóna.
    'S truagh gan mé 'm ghiuistis 's mo chúl a'm leis an ngárda,
    Cheadóchainn an t-impearóir mo long a chur ar sáile,
    Cúig mhíle púnt agus fághaim in mo láimh é,
    'Sí Neili mo roghain agus thoghfainn thar mhná í.
    Is truagh gan mé in m'iasgaire ag Iarla Bhinn Éadair
    Agus Neili a bheith 'n-a bradán i gceart-lár Loch Éirne,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant