5adh lá de Dheire Fóghmhair 1936.
Is le Liam Scorlóg an méid so leanas: -
Tigh mór le muinntir Bhuitléir i gCarraigbón.
Bí muinntir Buitléir ina gcónaidhe sa tigh mór ná raibh ach cúpla páirc nó trí ón mbóthar, sé sin an seana-bhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh fadó, fadó. Níl aon raon de'n tigh le feiscint ann anois. Bhí duine acu ann dos b'ainm dó Séamas Buitléir agus do bhí moncaí aige. Bhí stáisiún ar siubhal sa tigh agus ar cheann Shéamas agus do thosnaigh sé ag piocadh na ndeás naidhthe as a cheann (ceann Shéamas). Bhí fear ina shuidhe ina aice leis agus ar seisean "Féach cad tá an Diabhal a' déineamh".
Á chríoch