Scoil: Bunacurry
- Suíomh:
- Bun an Churraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Cáit Nic Aodha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunacurry
- XML Leathanach 13
- XML “Nósanna na Samhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teidheann na daoine óga amach agus tarnigheann siad crann gabaiste agus leagann siad ag doras an tighe é. Ar maidín an chéad fear a tiocfas isteach sín é an fear a bhéas acú.Nuair a bhéas bean an tighe ag deanamh cacaí cuireann sí fáinne í gcaca amhain agus cuireann sí cnaipí i gcaca eile an duine a gheobhas an fáinne posfadh sé sul a bheas an amuigh agus an duine a gheobhas an cnaipí ní phosfadh sé chor a bith, béidh sé in a bhaitsiléir.Deirtear go ngoideann cailín scadán agus go mbruitheann sí é, itheann sí é i dtrí greamanna. Annsin téigheann sí a chodhladh agus bíonn tart mór uirrí.Deirtear go dtiocfaidh fear sidhe chuici ag tabhairt deoch dí agus deirtear gur b'e sín fear a bheas posta aicí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Nic an Ultaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Churraigh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Nic an Ultaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Bun an Churraigh, Co. Mhaigh Eo