Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)
- Suíomh:
- An Doire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Cathain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire
- XML Leathanach 63
- XML “Saidhbhín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saidhbín.
Bí triúir dearbhsúr ann aon uair amháin agus dubhairth beirth acha go gcaithfidhís a dhul ar aimsear agus dubhairth Saidhbhín go leanfadh sí iadh. Aon oidhche amháin d'imthigh siadh agus lean Saidhbhín iadh agus bhí siadh dhá dibhirth uatha. Már sin féin d'imtigh siadh leobhta nó go raibh sé in oidhche agus ní raibh fhíos acha chá rachaidhis. Fé dheireadh chonnaich siadh teach i bhfadh uatha istigh i gchoill. Chuaidh siadh go dtí an teach Chuir an fathach a codhladh iadh lé'n a triúir ingean féin Chuir sé a triúir ingean féin i gceann an leabhaidh agus an triúir chailín eile sa gceann eile dé'n leabhaidh. Annsin chuir sé caipiní bhána ar a chuidh cloinne féin agus níor chuir sé cháipín ar bith ortha san.
Thuith gach ceann acha in-a gcodhladh acht Saidhbhín. Amach san oidhche d'airigh sí an fathach a rádh le na bhean go marbhochadh sé iadh. Dubhairth sí leis fanacth go ceann cupla lá eile. Dubhairth sé go mb'féidhir go n-imtigeochaidhís amharach. D'airigh Saidhbhín ag gearú na sgeine é. D'iontuigh sí tarth an leabhaidh agus chuir sí na cháipíní géala uirthí féin agus ar a bheirth deirbhsúr Annsin tháinich an fathach isteach ins an seomra agus mharbhuigh sé a thríuir ingean féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo