Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Leig anuas an fear sin agus chugaibh bó," ar seisean. Leig siad anuas é is thóg seisean an fear is chuir sé ar a ghualainn é. Tháinig sé abhaile annsin chuig a mnaoi agus bhí fear na casóige báine leis. Ar dhíol tú an bhó?" ar sise. "Dó dhíol," ar seisean. "Cá bhfuil a luach?" "Seo é," ar seisean le fear na casóige báine. "Ora," ar sise, "céard a dhéanfas muid gan greim le n-ithe againn - agam féin nó ag na páistí." "Fan go fóill," ar seisean, go dtiocfaidh an oidhche."
Nuair a tháinig an oidhche dubhairt sé leobhtha an pota a chuir síos. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach caora ar a dhruim. Caith sé ar an urlár í is mharbhuigh sé í. Thosuigh an feannadh is chuir siad sios í is d'ith siad í. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach dhá cheann eile, is ó'n dearbhrathair saidbhir a thug sé iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Giolla Gaeling
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cárán Uachtarach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Giolla Gaeling
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- An Cárán Uachtarach, Co. Mhaigh Eo