Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is í a fuair ór na sidheóg ar thaoibh an chlaidhe nuair a bhí sí ag bailiú brosna. D'innsigheadh an sgéal seo cheann feín.
    Tá an talamh go h-an sléibhteamhail. Tiomántar na caorigh agus na ba go dtí na sléibhte agus baíntear móin ins na sléibhte, agus déantar bríonáin beag driogaireachta imeasg na gcnoc seo acht is contabhartach an déantús i seo mar tugtar i láthraibh na cuírte iad agus díoltar go daor as. Fado deántar figheadoíreacht i Lárgan acht tá an deántus sin marbh anois.
    Tá loch ins an gCeanntar seo darbgh ainm Gort a'Loch ar an taoibh eile do Cnoc Lárgain. Ta scelp ins na sléibhte seo darbh ainm Scelp an Chú, mar nuair a bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach do rith an chú Brán isteach sa pholl a bhí ag bun na scelpe in dhiaidh ainmhide fiadháine.

    Maíre Nic Éil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Leargain, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Máire Nic Éil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leargain, Co. Mhaigh Eo