Scoil: Cnocán Mhichil Naofa (Clochar)
- Suíomh:
- Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: an tSiúr Síle
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leor toibreacha beannuighthe i n-Árainn. Tobar Naomh Éinne, Tobar Naomh Colmcille, Tobar Naomh Benín agus Tobar Cheathar Áluinn. Tá Tobar Naomh Éinne i gCill-Éinne ó aimsir Naomh Éinne féin. Deirtear gurab as an tobar sin a bhíodh Naomh Éinne, agus na naomh eile a bhí i gCill-Éinne ag tabhairt uisge. Tá altóir beag déanta i n-aice an tobar agus deirtear gurab' é Naomh Éinne a rinne í. Bhíodh flúírse uisge ins an tobar fadó, acht tá sé ráidhte go ndeachaidh Protastúnach síos ann Domhnach amháin chun a chosa a níghe, agus ó'n lá sin amach ní raibh aon uisge ann. Níl aon lá áirthe ceapaidhthe ag na daoine chun turas a thabhairt ann, acht téigheann siad chuige chómh minic agus is féidir leobh. Tá tobar Naomh Colmcille i gCill-Éinne i nÁirainn ó bhí Naomh Colmcille féin san áit. Níl(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Dhioráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe