Scoil: The Neale (B.)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: The Neale (B.)
- XML Leathanach 017
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an airgead agus dubhairt sé nach raibh ao' gnó aige ag dul abhaile nuair nach raibh aon rud aige le tabhairt do'n a dearbhráthair.
Acht mar sin féin chuaidh sé abhaile chun slán a thabhairt do n-a mháthair acht d'iarr an mháthair ar Sheán gan é a chur amach an t-am seo, agus níor chuir. Acht dubhairt Seán go gcaithfeadh sé dul arís agus da gcaillfeadh sé an t-airgead gan a theacht abhaile nó go marbhóchadh sé é.
Nuair tháinig lá an mhargadh, chuaidh sé agus dhíol sé an tuighe agus fuair sé luach maith air, acht nuair a bhí sé ag dul thar an tigh dubhairt sé leis féin go ndúnadh sé a shúile acht má dhún féin ní raibh sé in-ann na capaill a chur thar an tigh mar tugadh deoch agus biadh dóibh san áit sin cheana.
Nuair bhí sé istigh agus a phíopa deargtha aige d'iarr na buachaillí air imirt i gceann leath-uaire agus b'fhéidir go mbéadh an t-ádh aige an t-am seo, agus an t-airgead a chaill sé an lá eile, bfhéidir go bhfaigheadh sé ar ais é anois. Rinne Mícheál mar a dubhradh leis agus nuair a bhí an t-airgead go léir caillte aige, dubhairt siad leis na capaill agus na cairt a chur suas, acht do chaill sé iad san freisin.
Nuair a bhí gach rud caillte aige ní(leanann ar an chéad leathanach eile)