School: Loch Measca
- Location:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 290
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.San tsean aimsir bhí bean in a comhnuidhe i dTuimnaonán in aice Connemara.
Uair amháin bhí sí ag cárdáil agus ag sníomh olann le bréidín a dhéanamh. Oidhche amháin bhí sí ag iarraidh é a chríochnughadh agus d'fhan sí na suidhe go mall san oidhche.
Oidhche Sathairne a bhí ann agus bhí sí ag obair go deighearnach nuair a bhuail sean-chailleach isteach a raibh dhá adhairc uirthi.
Bhuail sí fúithi ar stól agus d'fhiafruigh sí de bhean-an-tighe an rai[bh] péire cárdaí aici agus go dtiubhradh sí congnamh dí. Dubhairt an bhean nach raibh aon chárdaí aici dí.
"Muise, tá mo ghléas oibre féin agam." ars an chailleach, agus leis sin tharraing sí amach péire cárdaí as a póca agus thosuigh sí ag cárdáil.
Níorbh fhada gur bhuail cailleach eile isteach agus dhá adhairc uirthi freisin. Shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí de bean-a'-tighe an raibh túirne aici, agus go dtiubhradh sí congnamh dí.
"Níl aon túirne agam duit," arsa bean-an-tighe.
"Muise, níl mise gan mo ghléas oibre féin bheith agam," ars an chailleach, agus san am céadna tharraing sí amach túirne agus thosuigh sé ag snío[mh.]
Tar éis tamaill bhuail an treas chailleach isteach agus mar sin dóibh nó go raibh scór díobh ann ar fad - deichniúbhar aca ag sníomh agus an deichniubhar eile ag cárdáil.
D'oibrigheadar go dian dícheallach go ceann sgathaimh. Annsin thosui[gh] na cailleacha ag clamhsán eatorra féin, gach duine aca a rádh go raibh bean-an-tighe an-ghortach gan greim le n-ithe nó le n-ól a thabhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Cáit Ní Chathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Bríghid Bean Uí Mháille
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Mucrosán, Co. Mhaigh Eo