Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 124
- XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”
- XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach beirt chailleach agus gabhar an duine leo. Tugadh ‘Aonach an Dá Chailleach’ ar an aonach áirithe sin, agus tá daoine sa gceantar fós a bhfuil cuimhne mhaith acu ar an lá sin. Muintir Beatty as Manainn a bhailíodh an custam. Cónaíonn a sliocht i mBaile Átha Cliath anois.
- 'Sé Tighearna Dioluín a bhí i gceannas an cheanntair seo. I Lonnduin Shasana is mó chomhnuigh sé ach tháinig sé annso ó am go h-am. Tuairim is ocht mbliana tríochadh ó shoin 'seadh cheannuigh an Rialtas an talamh ó'n tighearna talmhan seo. B'é Charles Strickland an príomh-stiúrthóir a bhí ag an Diolúnach sa gceanntar seo, agus i Loch Glinne a chomhnuigh sé. Bhí Hussey agus Jackson mar fó-stiurthóirí aige. D'íocadh na tionóintí an cíos le Hussey i mBéal Átha h-Amhnais agus uaireannta bailightí an cíos le h-aghaidh an Tighearna Diolúin i dteach Chárthaigh annso i gCnoc Mhuire. Bhí cíos trom ar na daoine an t-am sin. Daoine nach bhfuil ach 7 nó 8 sgillinge de chíos ortha anois, bhíodh idir ceithre púnt agus cúig púnt le díol aca an t-am sin. Bhí muinntir Diolúin in a dtighearnaí talmhan ó chianaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)