Scoil: Ceathrú Gabhann
- Suíomh:
- Ceathrú an Ghabhann, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Brian Mac Dhuarcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Gabhann
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'innis mo athair an sgéal seo dom. Bhí fear darbh ainm Tomás mac Ghabhann ina chómhnuide timcheall dáchad bliadhain ó shoin suas in Alt an Fhiaidh - sin baile fearainn atá suidhte ar an taobh theas de'n pharáiste seo bocht - thóla. Bhí sé pósta agus bhí clann mac aige, acht timcheall deich mbliadhna roimhe sin cailleadh a bhean, agus bhí an fear bocht fághtha leis féin. Annsin d'imthigh a chlann mac leo thar lear :go go Sasana. Bhí se ag eirghe aosta agus lag. Níor chabhruigh a chlann mac é agus bhí sé ag teacht go cruaidh air an cíos d'íoc. Faoi deiread thiar thall díbrigheadh é as a chuid talmhan, agus b'eigean dó dul isteach ins an bportach le Ait cómhnuidhe a dhéanamh, dó féin.
Cár déin sé a theaichín acht ar droichead beag a bhí déanta os cionn srúthán do bhí ag dul tríd an bportach. Nuair a bhí an bothán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac an Déisigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Both Chomhla, Co. Mhaigh Eo