Scoil: Ceathrú Gabhann
- Suíomh:
- Ceathrú an Ghabhann, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Brian Mac Dhuarcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Gabhann
- XML Leathanach 282
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanta aige chuaidh isteach ann le na sgíth do leigint. Bhí se tuirseach agus thuit a chodladh air. Igceann tamaill bhig dhúisigheadh é le torann do chuala sé suas ar dhíon an teaichín. Chuaidh se amach le féachaint céard a bhí ann acht ní fhaca sé duine na deórad é. Tháinig se isteach agus ní túisce a bhí se istigh na gur cuala se an torann arís. Ní dheaca sé amach níos mó mar bhí sé ro-thuirseach. Níor thuit a chodladh arís air gpo dtí an maidin.
Timcheall a deich a chlog ar maidin d'innis sé an sgéal faoi gach a thárla dhó irith na h-oidhche do na cómharsain. Dhubhairt siad gur chomhnuigh fear ins an áit sin ibhfad roimhe sin, agus gur marbhuighead e le gadhuide agus go raibh a theach suidhte go díreach ins an áit a raibh bothán Thómais tógtha agus gurbh é táidbhse an fhir do bhí ag chur isteach ar Thomás. Lár na mhárach d'imthigh Tomás amach arís le teach eile a thógáil dó féin. deóraidhe deóraidhe- Bailitheoir
- Seán Mac an Déisigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Both Chomhla, Co. Mhaigh Eo