Scoil: Tomghéis (uimhir rolla 9239/9277)
- Suíomh:
- Tuaim Dheise, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tomghéis
- XML Leathanach 134
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“A mhac a mhuirele nach raibh an t-ádh ort,”
A mhac a Mhuirele nach raibh an t-ádh ort.
Nach raibh do chlann ingnean ag iarraidh spré ort,
Ná do chlan mhac in urchar a chéile. (no i bhfochair)
Is tú bhain diomsa mo dhritheár gléigeal.Tá spré Donail Mhóir ag teacht abhaile,
Agus ní in a caoirrigh na in a chapaill,
Acht ’na píopa bána agus coirnéailí geala,
Toboc go leor ag cách dhá caitthe.
} cosamhail le “A Dhonchadha Bháin”Ni cíobh íad do lucht dha caitthe.
Acht tá mo croidhe briste go léir.Na mná udaí thall le na mbordarí fada,
Agus na placiní amach ar do cheann,
Tuige nach n-éirigheann sibh-sa suas,
Agus cuidheacán liomsa mo dritheáir a chaoineadhSneachta ar chinn cnuic agus sinneán mór gaoithe
Dál tsláinnte agus saoghal ag fear siubhal na h-oidhche.An sgéal — miniú an dháin seo thuas :— Do mhárbhuigh fear dritheár a mhná ; tá sí ag gol ’s ag caoineadh faoí. Fuair mé an amhrán o bean Uí Nádharaigh, Tomghéis, Beal Atha na Muice — tá sí thar ochtadh (ceithre sgór) mbliadhain d’aois.
Máire Ní Nádharaigh, cailín i seachtadh rang, a sgriobh é sa gcóipleabhar seo.- Bailitheoir
- Máire Ní Nadharaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Nádharaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 80
- Seoladh
- Tuaim Dheise, Co. Mhaigh Eo