Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 227
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán cómharthaí aite de'n aimsir ag na sean daoine agus asta sin is é leó innsint an sórt aimsire atá lé teacht. Tá fhios acú an úair a mbéidh fearthainn, sneachta, nó sioc. Seo iad na cómharthaí mar a chúala mise iad.
Réaltóga go geal sa tráthnóna sin cómhartha seaca. Déarfadh seanóir leat dá gcloisfeadh sé an sionnach ag tafaint gur cinnte go dtiocfadh sneachta. Má bhíonn slúagh mór faoileánn bailighthe í dteannta a chéile san aer ag sgreadghail go géar deartear go mbéidh fearthainn trom againn. "Ceó gorm cialluigheann sé sin go mbeidh brothaill thar bárr againn. Má tá na fáinleóga ag eiteall go h-árd sin cómhartha go mbéidh an soineann againn. Núair a thagann an spideóg go dtí an doras ar theacht an Gheimhridh béidh sneachta go lúath againn. Sioc bhán seésin a chialluigheann fearthainn. Dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo