Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 245
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuiridís 'na malaí iad i dtreó is nach stracfaidís iad.
Sé an cúis a bíodh leis sin ná :- Bíodh na bróga ann daor an am sin agus bainidis cúig nó sé bliadhna asta ach iad a caitheamh mar sin.
Bhí sean greasaidhe i Muicneagh fadó ach ní morán a bhi sé andán a dhéanamh ach bhí sé andán bonn admuid dó cuir le barr. Caithidís trí no ceitre buinn admuid le péire barr amháin.
Ní bíodh ar na sean daoine ach troiginí. Piosaí eadaigh cruaidh agus deallramh a gcosaí ionnta.
Bhi fear ann darbh ainm "Seán Áine" nár caith bróg na stoca riamh i nBéal an Atha. - Do dhean na gréasuidhthe alán bróga in Éirinn fadó agus bhí níos mó díobh ann an uair sin ná mar a tá anois. Tá gréasuidhe cúpla míle ó Béal Easa agus déanann sé bróga acht ní'l inneall ar bith aige. Chaith na fir bróga fadó agus bhí clú agus cáil ar na bróga san. Ní raibh bróga ag na cailíní ná na buachaillí fadó acht fuair síad bróga nuair a bhí an t-Easbog ag teacht go dtí an scoil. Uair amháin cheannuigh cailín péire bróga. An oidhche sin chuir sí na bróga uirthí mar bhí an séipéal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhéisigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo