Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)

Suíomh:
Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith na mBannrach
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “An Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    III
    Nach mall an t-am a dtáinig tú is an t-Earrach ann go díreach
    Cé h-é a íosfas fataí gan scadáin ó Chrosí Mhaolfíona
    An Bás:
    “Duine amach go tapaidh fá déin tobach is píopa
    Is gan steall maith uisge-bheatha ní chorróchadh Seán a choidhche
    Is gluais ort a Sheáin agus bí liom”
    IV
    A Mháire tá mé ag scaradh uait agus mo mhíle brón go deo thú
    Nach deas a sharuigheann fataí duit, ní níos deise ná bhainfinn(?) an mhóin duit
    Bhéarfainn an bhó bhacach duit agus d’abróchainn leat an t-amhrán
    Is dá sínfinn síos ar leaba leat nach blasta bhainfinn póg díot
    Agus a Mháire ná leig ar siubhal mé go fóill.
    V
    Tá Doimnic Corcair thíos annso ’n-a chomhnuidhe ar an theorainn
    Níl maith ná mian ná maitheas ann maidin ná tráthnóna
    Tá a bhean is páistí creachta aige, ag iarraidh bheith ’á thógáil
    Is an lá nach mbeadh tobach aige is gairgeach an chomharsain
    Gabh síos agus tabhair leat é agus leig domsa go fóill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Liathnacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo