Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 97
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Déantar an pósadh i láthair beirt fhiadhnaise, fear singil do’n fhear agus cailín singil do’n cailín. Théis an pósadh filleann siad abhaile bíonn spóirt agus spraoi sa teach go maidin.
Bailigheann na gaolta agus daoine a fuair cuireadh isteach sa dteach agus caitheann siad oidhche siamsamhail. Bíonn biadh agus deoch agus leann agus uisge beatha aca. Théis an suipéar a bheith thart glantar an t-urlár agus bíonn damhsaí aca.
Uair eicínt i rith na hoidhche tiocfaidh na buachaillí tuighe isteach agus cuirtear fáilte rómpa. Deirtear nach ceart iad a leigint ó’n doras nó cuirfidh siad droch-rath ar an bpósadh. Dá mhéid an meas ar an lánamhain nua-phósta is amhlaidh is mó an líon daoine sna buachaillí tuighe.
Bíonn caiptín agus sairgint cailleach agus sean-duine ar an bhfuireann. Bíonn siad gléasta i léinteacha bána go talamh, crios uaithne thart ar a gcom agus caipíní púicín tuighe ar a gcloigeann síos go n-a muinéal sa gcaoi nach mbeidh fhios ag aoinne cé hiad. Bíonn an chailleach agus an sean duine gléasta i n-éadaigh stróicthe gioballacha agus déanann siad an spraoi. Bíonn ceoltóir ar an bhfuireann freisin. Ní labhrann ceachtar aca focal, oiread is atá siad sa teach, acht amháin an caiptín. Bíonn crios treasna ar a ghuailnibh aige sean comh maith leis an gceann thart ar a lár. Stiúrann seisean an spraoi le bata mór.
Téigheann an sean duine ag rinnce leis an gcailín nua-phósta agus an chailleach leis an bhfear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cormaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Eachinis, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Feidhlim Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Eachinis, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Máire Ní Liathnacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Mártan Ó Connmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo