Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 364
- XML “Máire an Halla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deirifiúr dóibh féin í. Chuir sé ar siubhal 'un choláiste annsin iad. Nuair a bhí sise blian agus fiche ba í an bhean ba dóigiúla in Éirinn í. An oidhche seo ghlaoidh sé isteach 'un a sheómra ar a triúr mac agus inghean, agus d'innis sé dóbhtha cia chaoí a bhfuarthas Máire an Halla. Bhí iongnadh mór ar a chuid mic ná shíl siad san go mba deirifiúr dóbhtha féin í.
An lá seo fuair a triúr mac amach ag imirt liathróid. Nuair a bhí siad a teacht abhaile 'un a ndinnéar --
"Bhfuil fhios agat céard a chuimhnig mé air?" arsan mac is sinne.
"Níl fhios," ar siad san.
"Tá," ar seisean, "Máire a' Halla a phósadh"
"Chuimhnig mise ar a rud ceadna a dhéanamh," arsan tarna mac
"Chuimhnig mise ar a rud ceadhna a dhéanamh," arsan triamhadh mac.
Fuair siad abhaile agus ní íosfaid siad a ndínnear. D'innis siad a sgéal go'n athair. Dubhairt an t-athair go gcaithid sé an cás a innsint go Máire Halla.
Fuair a' t-athair agus a triúr mac a chómh fada léi, agus d'innis siad díthe an cás a bhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo