Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí siad a dul a pósadh. In éis an phósta bhí siad a filleadh abhaile, agus tugadh an fear uaithi isteach ins a mbruigheann.
Bhí sí cráidte agus í a strócadh na gruaige dá ceann. Fuair sí sean-dall glic go bhfaighid sí cómhairle uaidh goidé an chaoí a bhfaighid sí ar ais é. Dubhairt sé léithe -
Cóta go'n flainín a chur uirthi agus a gruaig a leigint le fánaidh agus imtheacht gan bróg ná stoca ; gul isteach i dtom driseachaí agus a cosa agus a lámha a strócú leis na driseachaí agus a gul go doras ná ráithe agus "má tá cainnt agat dein é," ar seisean.
Fuair sí go doras na ráithe agus bheannuigh sí go bannrioghan na bruighne,
"Nois, a Chlínis" ar sise "beannuighim-sé féin duit
Nach fada an stáid a thug mé god' fhéachaint
Ó'n gcoill chluthmhar, an áit a dtuiteann na caoírí
Thar bhruach Seanainn in a gcaol chon.
Labhair anois agus tabhair do sgéala(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gáchain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Ráth Muireagáin, Co. Mhaigh Eo