Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 465

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 465

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 465
  3. XML “Bliain an tSirriam i nDubhloch”
  4. XML “Piseog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar an dtalamh agus tá an sconnsa sin agus a teach ann go fóil.
    Chaitheadh gach duine ceithre lá déag oibre a thabhairt do'n mBinghamach gach bliain, agus pe' bith oibre bheadh ar siubhal agat h-éin a fhágaint. Ní gheobhfá tada ar a shon agus ní mór an cothú a gheóbhfá - sgadán nó braon bainne géar agus lumpers [cineál fataí], agus ní bheadh cead agat a dhul isteach sa teach cor a bith. Thiocfadh sé un a tighe agat agus Carolín agus fuip leis agus níor mhór duit dul leis. In a cheann sin chaitheá muiniú maith a bheith ort - Máighistir nó Tighearna a thabhairt air agus dul ar leath-ghlúin nuair a bheadh tú a beannú dhó.
    Níl fios fairnéis ar aon Binghamach in Iorrus indiu ach fear amháin atá i nDubhloch - Donnchadh Bingham agus tá sé sin in aoíst anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sean bhean i mBeannchor Iorruis agus nuair a bhíodh a cosa nigthe aici, thóigfeadh sí sméarthóid dearg as a teine agus chuireadh sí isteach san uisce salach e roimh é chaitheamh amach. D'abrodh sí paidir éicint le linn di sin a dhéanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Ó Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí