Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 123
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fad'ó ague phós sé aimsir an droch-shaoghail.”
ScéalBhí fear ann fad'ó, agus phós sé aimsir an droch-shaoghail. Ní raibh tada (dadaidh) le n-ithe acú. An lá seo dubhairt sé leis an mnaoi go ngabhfadh sé ar aimsir. Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht agus an oighche ag teacht go bhfaca sé solas i bhfad uaigh.
Tharraing sé ar an solas. Fuaigh sé 'un a' tighe. Dubhairt fear an tighe leis go gcuirfeadh sé aimsir air go ceann seacht mblian. Dubhairt an fear eile go raibh sé sásta fanacht.
Nuair a bhí na seacht mbliaghna thuas d'fhiafruigh sé dhe cé acu a b'fhearr leis comhairle mhaith nó airgead. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an t-airgead.
"Ní thabharfaidh mé dhuit ach an chomhairle," ars' an fear. "Sé an chomhairle í : ''má's cam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Deaganaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Baireud
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo