Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí Pápa ann uair amháin agus bhí sé chomh sean agus go raibh sé le bás.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    i ndhiaidh an ama sin thosuigh sé ag gáiridhe arís ach níor labhair an sagart. An tríomhadh uair thosuigh an gasúr ag gáiridhe.
    Nuair a bhí an sagart ag dul a chodhladh dubhairt sé leis an n-gasúr é bheith a chodhladh leis acht dubhairt a athair nach mbhéadh mar bhéadh sé ag gairidhe acht dubhairt an sagart nar mhisde leis.
    D'imhtigh an bheirt acú a codhladh agus nuair a bhí siad tamall beag sa leabaidh d'fhiafruigh an sagart de'n n-gasúr tuige a raib sé ag gáirithe nuair a bhí siad ag ithe agus dubhairt an gasur,
    "Chonnaic mé Aingeal na Láimhe Deise agus an diabhal ag troid ar chába do chasóige. An chéad uair do chuir Aingeal na Láimhe Deise an diabhal anuas de do dhruim acht thainic sé aníos arís agus chuir an t-Aingeal síos arís é thainic sé aníos an dara uair acht chuir an t-Aingeal síos é agus níor thainic aníos níos mó." Dubhairt an sagart leis an n-gasúr go gchaithfeadh sé bheith leis ar maidin.
    Nuair a d'eirig siad ar maidin d'fhiafruigh an sagart de fhear a' tighe an leigfeadh sé an mhac leis fhéin mar bhí sé ag teastáil uaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Conghaile
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo