Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 044
- XML “Na Ráthanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh, An Ráith
Tá trí ráthanna annseo acht ní raíth a tugtar orra acht cnocán. Tá ceann aca míle ó'n scoil ar an taobh thiar de bhaile na Raíthe in aice Cuan an Fhód-Duibh agus "Cnocán a tugtar air anois cé gur uaithe is dóigh a h-ainmnigheadh baile na Raíthe.Tá cnocán eile thios sa bportach i mBun a' Phollaigh, ceathramhadh míle ó'n scoil, agus tá ceann eile i gCeann Ramhar, míle go leith siar ó'n scoil ar thaobh na h-aille.Tá na trí cinn aca in n-amharc a chéile.
Cnoc beag atá ar an raíth agus cnocán ar a bharr. Ní'l claidhe nó balla thart timcheall air acht ta cloch mhór fheiceálach i gcoirnéal de. Deirtear go bhfuil seacht ndoirsi ar an raíth seo, gur minic a facthas bó ag teacht amach ar féarach agus ag dul isteach innti aríst. Má bhaintear sgaobh cré le sluasad as an gcnocán go mbeidh dath na fola ar an gcré."An cnocán mor" atá mar ainm ar an raíth atá i mBun a Phollaigh.Chreid na daoine fadó go ndeachaidh na Tuatha Dé Danann isteach ins na cnuic agus creideann siad annseo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Ráith, Co. Mhaigh Eo