Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfuil sídheoga no daoine marbha (ní'l siad cinnte) istigh ionnta agus go dtéigheann síad ó chnocán go cnocán san oidhche.
- Báthadh fear on áit seo suim blianta o sin. Bhí fear as Thúllachán Bán ag teacht suas as teach i mBhún a Phollaig. Chúala se an torann ag teacht. Dféach sé in a dhiaidh. Chonnaic se an fear ag teacht agus an tuisge in a bhróga agus á rith suas on gcrocán mór. Lean (se) an fear é go cuir sé isteach sa crocán atá shuas sa ráith. Thainic an fear abhaile. Dinnis sé an sgéal dhá mháthair agus dubháirt sise " Sin é an fear a bátadh ó'n ait seó, má bhí an t-uisge na bhróga".Bhí fear ag teacht abhaile as gaoth-sáile oidhche amháin. Agus bhí sé rádh a pháidreacha chonnaic sé ceithre chapall bhána agus ceithre fir ag marcuigheacht ar na capall. "Cuaidh siad isteach sa ráth. D'fheach an fear agus chonnaic sé na soillsigh ar bharr an chrocáin.