Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Athair Pádhraic O Maol-Eoín
Nach mé atá sáruighthe faoi lionndubh báidhte
Mo chreach ar lár 's mé ag silt na ndeor
Ó dtimthigh an t-Árd-Fhlaith an t-athair Pádhraic
D'fág an fán orainn i's ár gcroidhe faoi bhrón.
Ba mhaith an caraid é in aimsir gábhaidh,
Ag déanamh spáird le ceart 's le cóir
In aghaidh gach namhad a thigeadh thar sáile
Ar Inis Faíl nó ar theampall Róimh
Nuair a scaip an sgéalta ar fud na h-Eíreann
Choisg na h-éanlaith ó bheith ag seinm cheoil
Stop na sruthanna, 's gach barra ag pléasgadh
Le brugh(adh) ró-eigciallta 's le tuaim ró-mhór
Tháinig critheagla ar na réaltaibh
'S bhí an ghrian mar an gcéadna ag dul faoi cheo
Bhí cuma uathbhásach ar fud na h-Eíreann
Ar gach cadhan aonraic, sean i's óg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sorcha Bean Uí Ghamhnáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo