Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 162
- XML “Amhrán na Pictiúire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Pictiúire
“Triall ar m-aistir dhom i mí na Bhealtaine”
Triall ar m-aistir dhom i mí na Bhealtaine
Bhain seachrán fán dom mar gheall ar mhnaoi
Bhí an oidhche dorcha agus ag triall chun baistighe
Agus bhí sé an tráth sin ar uair a naoi.THainig sganradh orm, criothnú, i's eagla,
Nidh nár náir dhom do gheit mo chroidhe,
Nior bhfada ná go bhfaca mé an fear gan snáithe
Agus a chlaidheamh tarrainte aige ar chúl a chinnNach é seo an d'fhios? orm i mbeul na beárnan
Agus ní'l mé dana a ghoil ar m-aghaidh
Tí (gidh) gur chriothnuigh mé i's gur meuduigh ar n-eagla
Ba mhór an náire dhom pilleadh uaidhSmaoinigheas beart eile de Cumhacht an Áird-Riogh
A's chuir mé cainnt air as ucht mo Dhia
Cé bí spioraid thú nó tais a thárla
Mo leigint slán go h=Eachmaigh siar (ainm an bhaile)Annsoin do labhair sé go briathra tláith
Bhí [?] ag cainnt leis gur éirigh an ghrian
Dheamhan nidh dár Theastuigheas é nach dtug sé freagh orm
Gur chuir a naoim? é le barr mo phinnAn tusa Jupiter chómh cumhachtach laidir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conamhacháin
- Inscne
- Fireann