Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 271
- XML “An Taibhse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ag teacht abhaile ó Shasana uair amháin. Ní raibh na busanna go flúirseach an uair sin ná na gluaisteáin acht oiread. nuair a thangadar as an mbád i mBaile-Átha-Cliath bhí ortha siubhal an cuid eile don bhealach.. D'aimsigheadar an turas agus bhíodar tuisreach traochta nuair a thainig siad chomh fada lé Béal-an-Átha.
Bhí an dorchadas ag tuitim agus dubhradar leó féin go mba mhaith an chomhairle é fanacht i mBéal-an-Átha go maidin. Chuadar go dtí teach áirithe agus d'iarradar lóistín ann acht dubhairt fear-an-tighe nach raibh aon seomra aige lé'na gcur suas. Acht annsin dubhairt sé leó, 'an bhfeiceann sibh an teach sin thall'? 'bhuel is liom-sa an teach sin agus is féidir lib fhanacht ann go maidin'?
Bhíodar an-tsásta leó féin agus nuair a chuadar isteach lasadar tine agus bhruith siad suipear maith dóibh féin. bhí sé timceall a dó-dhéag a chlog an tráth seo agus dubhairt fear amháin acú leis an bhfear eile. 'Go isteach agus tabhair amach crúisgín pórtair leat go n-ólfaimíd é sula ngabhfaimíd a chodhladh? Isteach leis agus chonnaic sé fear 'na shuidhe ar an mbairille.
Thainig faitchíos ar agus amach leis. D'innis sé don bhfear eile é acht thóg seisean an chrúiscín agus chuaidh sé isteach. Bhí an fear 'na shuidhe annsin. Dubhairt sé leis go múinte. 'Éirigh má's é do thoil é nó go bhfuighidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighíd Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo