Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 302
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go léor ainmhidhthe againn sá mbaile ortha seo tá an bó, an t-asal, an gamhain, agus an muc. Tuganmíd sgiobhal ar thigh na mbó. Cuirimíd cothan agus scraitheanna mar easair fá ná buaibh.
Ceangluightear ná bá lé ropaí thart ar a mhuinéal acht is slabhraí ag cuid de ná daoine thart ar mhuinéal ná bó. Sé an caoí a ceangluigheann siad an bó ná - bíonn maide síos sa talamh ar a dtugtar stac air. Annsin bíonn an bhuarach thart ar an mhuinéal agus bíonn an t-eigin thart ar an straca. Bíonn snaomh ar ceann an búarach agus cuirtear isteach san eigín é cun í a coingéal ceangluigte.
Nuair a gheibheann bó bás baineann cuid de ná daoine an croiceann dí agus crochann siad suas é i dtigh na mbó cun go mbéidh rath ar stoc agus nach ngeibfeadh aon bó eile bás. Ní bhíonn aon deifir ar dhuine ar bith ag feadú teine lá bealtaine mar cibe duine a fheiceas an deatach is féidir leis ím an líon-tighe a bheith aige ar fad ná bliadhna atí.
Deirtear ins na h-aiteacha seo nach ceart cró ná bó a glanadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo