Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 404
- XML “An Dá Fhathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheach isteach agus níor stad an luchóg go dtí go ndeachaidh ségo dtí duine aca agus níor stad an bheach go dtí ndeachaidh sí dtí srón an fhir eile. Annsan a th osuigh an raic. Shíl duine aca gurb é an duine eile a bhí ghá bhualadh (?) agud d'eirigh siad as an leabaidh. "Stop" arsa ceann aca agus na bí im bhualadh mar sin no bainfidh mé an ceann duit." "Nílim ag bualad tada" ars an fear eile "acht stop tusa do ithe mo chluaise. Lean an luch agus an bheach ag preabadh is ag preabadh nó go léim an bheirt amach ar an urlár. Fuair duine acu piocóid agus an duine eile laidhte.Annsan thosuigh an troid agus an marbhughadh nó gur mhairbh fathach acu an fathach eile. Nuair a chonnaic mac na sean-mná na fathaigh marbh rith sé abhaile agus chuaidh don Rí. "Anois" ar seisean "tá an gníomh déanta." "Go maith" ars'n Rí "Geóbhaidh tú acra talmhan uaim anois, agus neart airgid go deire do shaoghail."Thug an Rí a sháith airgid do'n bhuachaill annsan agus d'imthigh leis abhaile go dí a mháthair agus mhair an bheirt aca go sona sásta as sin amach.
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Corcoráin
- Inscne
- Fireann