Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 011
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar margadh agus dhíol sé muc agus d'imthigh leis go London. Nuair a d'éirigh sé maidin in a dhiaidh sin, chuaidh sé amach ag iarraid an cistí. Chuaidh sé ar droichead agus fuair sé dhá sgilling caillte ag an droichead. Chaith sé trí lá ag an droichead féachaint go bhfuighfeadh sé an cistí ann. Bhí go leor fear oibre ag faire air. Ní raibh fhios aca céard a bhí sé a faire.
D'fiafruigh fear amháin de céard a bhí se a faire. D'innis sé do an briongloid a bhí aige in Éirinn agus dubhairt fear leis go raibh sé gan chiall agus go raibh sé féin ag brionghloide go raibh sé thiar in Éirinn i dteach Mac Machain in Iorruis agus go bhfuair sé cisti faoi coirnéal na binne. Sin é mo theach ars Mac Macháin a bhfuil tú ag cainnt faoi. Gabh abhaile anois ar seisean, leag an teach agus gheobhfaidh tú an cistí.
Thainig Mac Macháin abhaile, leag sé an teach acht ní bhfuair sé tada ann acht muirteal agus cloca beaga.- Bailitheoir
- Máire Ní Cearbhallain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo