Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 027
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean sa mbaile seo uair amháin. Bhí sí in a comhnuidhe i dteach beag leithi féin. Bean láidir a bhí innti. Lá amháin tháinig tinneas uirthi. Ní raibh sí indon tada a dhéanamh dhí féin. Tháinig ceann de na comharsanaibh isteach aici lá agus dubhairt tsean-bhean leis an mhnaoi a tháinig isteach go raibh sí a fághail bháis. Dubhairt sí leithi chomh maith an pota a ghlanadh. Do glan sí é. Céard a dheanfaidh mé anois leis ar sise. Tá sgilit beag istigh sa bpoll atá san mballa tháll annsin agus tóg amach é. Thóg sí amach é agus céard a bhí ann acht é lionta le or. Cuir sios ins an bpota ars an tsean-bhean. Fan go dtiocfaidh mé isteach ó mo theach fein.
Chuaidh an bhean amach agus nuair a tháinig sí isteach bhí cana mór ime aici. Nior leig sí leithi céard a bhí aici sa gcana. Goid sí an t-ór agus chuir sí an t-im sa bpota. Bhí an t-sean bhean lán cinnte gurb é an ór a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mháirtin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo